ICIBILLET.COM
ICIBILLET
Paroles de chanson
05/05/2026
Fainne Geal an Lae
Par Iarla Ó Lionáird
Album : Foxlight

Maidin moch do ghabhas amach

Ar bhruach Locha Léin

An samhradh teacht 's an chraoibh len ais

Is lonnrach te ón ngréin

Ar theastal dom trí bhailte poirt

Is bánta mine réidhe

Cé gheobhainn le mais ach an chúilfhionn deas

Le fáinne geal an lae.

Ni raibh bróg na stoca, cadhp ná clóc

Ar mo stóirin óg ón speir

Ach folt fionn órga sios go troigh

Ag fás go barr an fhéir

Bhi calán crúite aici ina glaic

'S ar dhrúcht ba dheas a scéimh

Do rug barr gean ar véineas deas

Le fáinne geal an lae.

Do shuig an bhrideog síos le m'ais

Ar bhrinse ghlas den fhéir

Ag magadh léi bhios dá maoibh go pras

Mar mhnaoí ná scarfainn riamh léi

'Sé duirt si liom "imigh uaim,

is scaoil ar siúl me a réic",

Sin iad aneas na soilse a' teacht

Le fáinne geal an lae.
Imprimé depuis ICIBILLET.COM - 05/05/2026 09:51